Ainm: | Máire Ní Churráin | |
Áit Chónaithe: | Mín Doire, An Fál Carrach |
Áit Dúchais: | Mín na Craoibhe, An Bhealtaine |
Catagóir: | Ceirdeanna agus Cothú an Tí |
Fochatagóir: | Eacnamaíocht an Teaghlaigh |
Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Ní raibh sa bhaile ach Mary agus a máthair. Bhí cuidiú san airgead a bhí Mary ag fáil ar an mhóin ag cuidiú go mór sa bhaile. Bhíodh a máthair ag sníodh agus ag cardáil. Chuidíodh Mary léi na stocaí a chniotáil go dtí na sála. Bhí crotal le baint de na clocha ar dtús acu le dath a chur ar an olann. Bhí an olann le cardáil agus le spíonadh. Cur síos aici ar seo uilig. Ansin dhíoladh sí na stocaí ag na haontaí. Níodh sí ar dtús iad agus smúdáladh sí iad fosta.
Frizz: Nuair a bheadh na mná istigh san oíche ag cardáil agus ag déanamh rollóga le gréasán a dhéanamh. Bhíodh oíche chraic acu an oíche sin. Ag déanamh báinín.
Cur síos maith aici ar an am sin. | 00:05:14 | |